Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge
Príomhfheidhmeannach, Foras na Gaeilge
Achoimre ar an bPost:
Ceapfaidh an Foras Teanga an Príomhfheidhmeannach d'Fhoras na Gaeilge faoi réir cheadú an CATT. Mar atá leagtha amach sa Mheamram Airgeadais don Fhoras Teanga, is é nó í an Príomhfheidhmeannach an Duine Cuntasach a bheidh freagrach as riar éifeachtúil agus éifeachtach ar fheidhmeanna Fhoras na Gaeilge. Beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach do Bhord Fhoras na Gaeilge maidir le húsáid acmhainní na Gníomhaireachta.
Príomhdhualgais an Phoist:
Beidh an Príomhfheidhmeannach freagrach as na gnóthaí laethúla, lena n-áirítear an méid seo a leanas mar phríomhfhreagrachtaí:
· bainistiú éifeachtach na Gníomhaireachta i gcomhréir lena reachtaíocht agus an treoir rialaithe atá curtha ar fáil ag an CATT nó aontaithe ag na Ranna Coimircíochta;
· gach feidhm oibriúcháin, lena n-áirítear gnóthaí airgeadais, pearsanra, teicniúla agus saincheisteanna oibriúcháin eile;
· ceannaireacht straitéiseach a sholáthar chomh maith le spreagadh foirne chun a chinntiú go ndéanfar comhordú éifeachtach ar spriocanna airgeadais agus oibriúcháin agus go mbainfear na spriocanna sin amach;
· comhlíonadh fhorálacha an Mheamraim Airgeadais atá aontaithe ag na Ranna Coimircíochta agus na Ranna Airgeadais, i gcás ábhartha, le forálacha ábhartha an dá dhlínse;
· soláthar comhairle agus eolais don Bhord;
· soláthar comhairle agus eolais, nuair is iomchuí, do na Ranna Coimircíochta agus don CATT; agus
· a chinntiú go bhfuil cosaint tugtha do na hacmhainní uile agus go bhfuil siad á n-úsáid ar bhealach barainneach, éifeachtúil agus éifeachtach agus go gcomhlíonann na rialúcháin airgeadais agus na rialúcháin eile bhainistíochta, atá ann chun cistí poiblí a chosaint, na ceanglais a bhaineann le cuibheas, rialtacht agus dea-bhainistiú airgeadais.
Tá liosta iomlán de na dualgais agus na critéir cháilitheachta le fáil i Leabhrán Eolais an Iarrthóra
Eolas faoin Eagraíocht:
Is gníomhaireacht de chuid an Fhorais Teanga é Foras na Gaeilge, ceann de shé chomhlacht trasteorainn a bunaíodh faoin gComhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann lenar Bunaíodh na Comhlachtaí Forfheidhmithe a síníodh ar an 8 Márta 1999.
Sochair:
Féach an leabhrán eolais
An Próiseas Roghnúcháin:
Tá tuilleadh eolais faoin deis shuntasach seo, lena n-áirítear sonraí maidir le conas iarratas a dhéanamh, le fáil ar www.publicjobs.ie
Is é 3i.n. Déardaoin an 15 Deireadh Fómhair 2026 an dáta deireanach ar a nglacfar le hiarratais chomhlánaithe
Má cheapann tú go mbeadh sé úsáideach plé rúnda a dhéanamh le duine faoin ról seo, téigh i dteagmháil le Labhaoise Ní Choileáin trí ríomhphost a sheoladh chuig Labhaoise.NiChoileain@publicjobs.ie
Tá muid tiomanta do chomhdheiseanna agus cuireann muid fáilte roimh iarratais faoi na naoi bhforas san Acht um Chomhionannas Fostaíochta.
Iarratas a Dhéanamh Anois: https://bit.ly/RI_Ad_CEOFNG
Chun d’iarratas a chur isteach i nGaeilge agus comhfhreagras a fháil trí Ghaeilge, cinntigh go bhfuil tú ar an leagan Gaeilge dár suíomh gréasáin, www.publicjobs.ie/ga/ sula dtéann tú chuig an bhfolúntas ar mhaith leat cur isteach air, agus cliceáil ar “Déan Iarratas” chun iarratas a chur isteach.