Speisialtóir Cuntas Infhála - Oibritheoir Córais Aistrithe/TSO Accounts Receivable Specialist (E2025309)
Speisialtóir Cuntas Infhála - Oibritheoir Córais Aistrithe
Oibríonn agus forbraíonn EirGrid Group an córas leictreachais in Éirinn. Is é an t-athrú aeráide agus aistriú na hearnála leictreachais chuig fuinneamh ísealcharbóin in-athnuaite a mhúnlaíonn ár straitéis. Tá ról uathúil le himirt againn maidir leis an gclaochlú radacach atá ag teastáil a threorú. Déanann ár straitéis achoimre ar ár bhfreagairt ar na dúshláin sin. Is éard atá ann sraith príomhspriocanna, a bhfuil ár gcuspóir chun an córas cumhachta a athrú do na glúine atá le teacht mar bhonn taca leo.
An Deis
Déanann an Fhoireann um Chuntas Infhála maoirseacht éifeachtach ar phróisis chuntas infhála EirGrid. Tá an Speisialtóir Cuntas Infhála freagrach as cruinneas, iomláine agus próiseáil thráthúil gach idirbhirt a bhaineann le rannóg na gcuntas infhála i gcomhréir le gnásanna an chomhlachta. Bíonn an té atá sa ról i mbun plé le baill shinsearacha na foirne agus le réimse teagmhálaithe inmheánacha agus seachtracha ar bhonn tráthúil lena chinntiú go bpróiseáiltear gach fadhb a bhaineann le cuntas infhála ar bhealach éifeachtach & tráthúil. Beidh ról lárnach ag an iarrthóir maidir le próiseas déanta na gcuntas agus é/í ag cur eolais thráthúil agus chruinn ar fáil le haghaidh tuairiscithe agus anailíse airgeadais.
Príomhfhreagrachtaí
- Cuidiú le Sonraisc chustaiméirí a eisiúint, ag cinntiú go n-eisítear gach sonrasc custaiméara go cruinn & go tráthúil i gcomhréir le cláir ama/spriocanna ama an chomhlachta/rialála;
- Cuidiú le Sonraisc mhíosúla Chustaiméirí a réiteach le haghaidh scéimeanna glanta éagsúla i gcomhréir le cláir ama rialála;
- Cuidiú le breacadh & leithdháileadh Íocaíochtaí Custaiméirí a thagann isteach chuig cuntais bainc éagsúla gach lá;
- Oibrigh le hiliomad foirne il-réimsiúla (Nascadh & Táillí, RESS, Glanadh agus rannóga eile) ar Chuntas Infhála/Sonraisc & ceisteanna custaiméirí;
- Cuidiú leis an bhFeidhmeannas Rialaithe Creidmheasa, ag fiosrú le Custaiméirí & foirne il-réimsiúla maidir le híocaíocht sonrasc thar téarma;
- Cuidiú le hanailís/athbhreithniú míosúil ar Chreidmheasanna Féichiúnaithe;
- Cuidiú le hathbhreithniú/bainistiú Cumhdaigh Slándála (TUOS & Naisc);
- Cáipéisíocht tacaíochta a ullmhú chun críocha iniúchóireachta;
- Deiseanna a shainaithint chun feabhas a chur ar phróisis agus ar ghnásanna atá ann cheana féin agus iad a dhoiciméadú;
- Cuidiú le bainistíocht chártaí creidmheasa an chomhlachta;
- Cuidiú le costais fhostaithe a íoc de réir Pholasaí Costas;
- Cuidiú le cothabháil agus uasdátú mháistirshonraí na soláthraithe;
- Tástáil agus feabhsúcháin ar chórais ERP;
- Aon dualgais ad-hoc eile de réir mar a leagtar ort iad;
Saineolas, Scileanna agus Taithí
- Taithí ar a laghad 5 bliana ar chúrsaí Airgeadais, go hidéalach le céim ghnó nó a comhionann;
- An-eolas ar phrionsabail agus gnásanna cuntasaíochta.
- In ann oibriú i dtreo sprioc-amanna dochta agus torthaí a bhaint amach;
- Ardscileanna uimhearthachta agus cur chuige anailíseach i leith na hoibre;
- Dírithe ar mhionsonraí agus sárchumas eagrúcháin agus oibre le líon mór sonraí;
- Scileanna láidre idirphearsanta agus cumarsáide;
- Scileanna láidre anailíse agus réitigh fadhbanna
- Cumas caidreamh láidir, dearfach agus comhoibríoch oibre a chruthú agus a choinneáil le custaiméirí inmheánacha agus le soláthraithe seachtracha;
- Ardleibhéal seirbhíse do chustaiméirí a chur ar fáil;
- Saineolas ar Excel agus ar MS Word;
- Taithí ar MS Dynamics AX nó ERP eile bunaithe ar Ordú Ceannaigh
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil (mar aon cháipéis amháin). Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
Tá muid tiomanta don éagsúlacht agus don chuimsiú in EirGrid. Aithníonn muid an neart a thagann as lucht saothair éagsúil a bheith againn agus an tábhacht a bhaineann le cultúr tacúil dár ndaoine uile chun a n-acmhainneacht a bhaint amach. Dearadh ár líonraí éagsúlachta agus cuimsithe chun cultúr cuimsitheach a chruthú a chuireann ar chumas ár ndaoine muintearas a mhothú ag an obair.
Mar fhostóir comhdheiseanna, cuireann muid fáilte roimh iarratais ó dhaoine ó gach cúlra. Cuirtear socruithe réasúnta ar fáil ag gach céim dár bpróiseas
TSO Accounts Receivable Specialist
EirGrid Group operates and develops the electricity system in Ireland. Our strategy is shaped by climate change and the transition of the electricity sector to low-carbon, renewable energy. We have a unique role to play in leading the radical transformation that is required. Our strategy sums up our response to these challenges. It consists of a set of key goals, underpinned by our purpose to Transform the power system for future generations.
The Opportunity
The Accounts Receivable Team effectively oversees the EirGrid accounts receivable processes. The Accounts Receivable Specialist has responsibility to ensure the accuracy, completeness and timely processing of all related transactions in the accounts receivable section in accordance with company procedures. The role holder liaises with senior members of the team along with a range of internal and external contacts in a timely manner to ensure all accounts receivable issues are processed in an efficient & timely manner. The candidate will play a key role in the accounts production process by providing timely and accurate information for financial reporting and analysis.
Key Responsibilities
- Assist with the issuing of Customer invoices ensuring that all Customer Invoices are issued accurately & in a timely manner in line with company/regulatory timetables/deadlines;
- Assist with the preparation of the monthly Customer Invoices for various settlement schemes in line with regulatory timetables;
- Assist with the posting & allocation of Customer Payments received into various bank accounts on daily basis;
- Work with a multitude of cross functional teams (Connection & Charges, RESS, Settlement and other department) on Accounts Receivable/Customer Invoices & queries;
- Assist with the Credit Control function, following up with Customers & cross functional teams on the payment of overdue invoices;
- Assist with the monthly analysis/review of Debtors Balances;
- Assist with the review/management of Security Cover (TUOS & Connections) ;
- Prepare supporting documentation for audit purposes;
- Identifying opportunities for improving and documenting existing processes and procedures, driving efficiency and embracing new technology;
- Assist with management of the company credit cards;
- Assist with payment of employee expenses in line with Expenses Policy;
- Assist with the maintaining and updating of supplier master data;
- ERP system testing and enhancements;
- Any other associated ad-hoc duties as assigned;
Knowledge, Skills and Experience
- Minimum of 5 years’ Finance experience ideally with a business or equivalent degree;
- Strong knowledge of accounting principles and practices.
- Ability to work to tight deadlines and deliver results;
- High numeracy skills and an analytical approach to work;
- Excellent attention to detail and ability to organise and work with large volumes of data;
- Strong interpersonal and communication skills;
- Problem-solving and analytical skills
- Ability to develop and maintain strong, positive and collaborative working relationships with internal customers and external suppliers;
- Deliver a high level of customer service;
- Excellent knowledge of Excel and Ms Word;
- Previous experience with MS Dynamics AX or other Purchase Order based ERP
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document). We want to hear from you.
Closing date for applications
10th October 2025
We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process
Jobs at Facebook
Bainisteoir an Tuairiscithe Inbhuanaitheachta / Sustainability Reporting Manager (E2025203)