Health Research Board (HRB)
Health Research Board (HRB)

Ceann Acmhainní Daonna agus Forbartha Eagraíochtúla (AD & FE) An Bord Taighde Sláinte

Location
Co. Dublin
At the office
Mazars

Job posted by Mazars

Apply now

Ceann Acmhainní Daonna agus Forbartha Eagraíochtúla (AD & FE)

An Bord Taighde Sláinte

An Eagraíocht

Is gníomhaireacht reachtúil faoi choimirce na Roinne Sláinte é an Bord Taighde Sláinte (BTS). Mar an phríomhghníomhaireacht in Éirinn atá freagrach as tacú le taighde sláinte agus é a mhaoiniú, as faisnéis sláinte a ghiniúint agus as úsáid fianaise mar bhonn faoi bheartas agus faoi chleachtas a chur chun cinn, is í an fhís atá againn a spreagann muid: sláinte níos fearr trí thaighde, sonraí agus fianaise den scoth.

Tá an Bord anois ar thóir iarratasóirí cuí do ról an Chinn Acmhainní Daonna agus Forbartha Eagraíochtúla (AD & FE)

An Ról

Is príomhról ceannaireachta sinsearaí é ról an Chinn Acmhainní Daonna & Forbartha Eagraíochtúla (AD & FE) a bheidh ag tuairisciú don Stiúrthóir Oibríochtaí Corparáideacha agus freagrach as feidhm nua-aimseartha, ghairmiúil AD & FE a chumasaíonn d'eagraíocht ardfheidhmíochta seirbhíse poiblí atá dírithe ar luachanna. Beidh údarás líne aige nó aici freisin ar an bhfeidhm Saoráidí.

Déanfaidh an té sa ról straitéisí daoine a dhearadh agus a chur chun feidhme i gcomhréir le Seirbhísí Poiblí Níos Fearr – Claochlú na Seirbhíse Poiblí 2030, i réimsí amhail pleanáil fórsa saothair, cothú cumais, dearadh eagraíochtúil, forbairt chultúrtha, tallann agus ceannaireacht, rannpháirtíocht agus cleachtais daoine atá bunaithe ar fhianaise. Beidh sé nó sí freagrach freisin as cultúr eagraíochtúil dearfach agus comhoibríoch a chur chun cinn agus as a chinntiú go bhfuil na scileanna, na próisis agus na cumais is gá ag an mBord Taighde chun é féin a fhorbairt, a fheabhsú agus a chur in oiriúint do riachtanais a bhíonn ag athrú i gcónaí.

An Té

Beidh ag an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi dea-theist sa cheannaireacht straitéiseach i réimse an AD agus an FE, chomh maith le taithí ar bheith ag obair ar leibhéal sinsearach laistigh d'eagraíocht chasta. Beidh sé nó sí in ann a léiriú go bhfuil taithí aige nó aici ar fhorbairt tallainne agus ceannaireachta agus beidh dea-theist air nó uirthi maidir le pleanáil fórsa saothair agus athrú eagraíochtúil. Beidh scileanna láidre idirphearsanta ag teastáil ón té freisin, chomh maith le bheith in ann caidrimh ardtionchair a chothú agus a choinneáil le páirtithe leasmhara, idir inmheánach agus seachtrach. Beidh tuiscint agus taithí láidir ag an té a n-éireoidh leis nó léi ar réimse an Chomhionannais, na hÉagsúlachta agus an Ionchuimsithe, mar aon le réimsí na folláine agus na forbartha cultúrtha.

Iarratas a Dhéanamh agus Tuilleadh Eolais

Chun tuilleadh eolais a fháil agus chun cur isteach ar an ról seo, téigh chuig www.forvismazars.com/ie/en/executiverecruitment.

Ba cheart aon cheist maidir leis an ról seo a chur chuig an bhFoireann Earcaíochta Feidhmiúcháin tríd an ríomhphost ag execrecruit@mazars.ie nó teagmháil a dhéanamh leis an bhfoireann ar an bhfón ar +353 (1) 449 4400.

Is é Forvis Mazars a bheidh ag bainistiú gach uile ghné den tionscadal earcaíochta seo thar ceann an Bhoird Taighde Sláinte. Ní cóir aon cheisteanna a chur chuig an mBord Taighde Sláinte go díreach agus ní cóir an Bord a chanbhasáil ach an oiread.

Spriocdháta d’iarratais: 12 meán lae, Dé Luain, an 27 Iúil 2026.

Is fostóir comhionannais deiseanna é an Bord Taighde Sláinte agus tá tiomantas láidir aige don chomhionannas, don éagsúlacht agus don ionchuimsiú ar gach leibhéal den eagraíocht.

Important Dates
Posted on
25 June, 2026
Application deadline
12 July, 2026

Other Executive Jobs

Browse executive jobs