Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Ach ní hé sin bun agus barr an scéil, tá muid anois ag tabhairt faoi chlaochlú an chórais chumhachta do na glúnta inár ndiaidh.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é sin claochlú an chórais chumhachta le cur ar chumas ár sochaí astaíochtaí carbóin a laghdú agus ár spriocanna athraithe aeráide agus neodrachta a bhaint amach.
Glac páirt sa chlaochlú seo!
An Deis Ghairme
Táimid ag lorg Innealtóir Cibearshlándála anois chun páirt a ghlacadh inár bhfoireann Idirnasctha.
Tacóidh an tInnealtóir Cibearshlándála leis an bhFoireann Feidhme Idirnaisc chun a chinntiú go gcomhlíonann sí a cuspóir maidir le húsáid sócmhainní idirnaisc HVDC a chomhtháthú agus a bharrfheabhsú chun an tairbhe is mó a sholáthar d'Oibriú Córais eangach tarchurtha na hÉireann. Oibreoidh sealbhóir an róil leis an bhfoireann Bainistíochta Sócmhainní ar an gcibearshlándáil leanúnach agus ar an tslándáil fhisiciúil a bhaineann le hidirnascairí HVDC, lena n-áirítear TF agus TO. Maidir leis sin, oibreoidh sealbhóir an róil i réimsí lena n-áirítear Conraitheoir ildisciplínithe, Bainistíocht Athruithe agus Riosca agus Tuairisciú Teicniúil. Is iad na príomhthosaíochtaí a áirithiú go ndéanfar sláine oibríochtúil agus freagrachtaí bainistíochta sócmhainní EirGrid, i ndáil le slándáil an idirnascaire/na n-idirnascairí, a fhorghníomhú go cuí agus a choinneáil ar bun de réir caighdeáin idirnáisiúnta.
An Fhoireann
Tá an Stiúrthóireacht Oibríochtaí & Bainistíochta Sócmhainní comhdhéanta de dhaoine gairmiúla ardsciliúla le cúlraí innealtóireachta agus gnó/trádála - bainistíonn siad le chéile feidhmiú an chórais agus an mhargaidh chumhachta, ag cinntiú go bhfanann na soilse air ar bhealach slán, iontaofa, inbhuanaithe agus eacnamaíoch. Tá an Stiúrthóireacht freagrach freisin as an gcóras tarchurtha agus as claochlú an mhargaidh a chur i bhfeidhm chun freastal ar riachtanais úsáideoirí uile an leictreachais amach anseo. Áirítear leis sin an úsáid is fearr is féidir a bhaint as idirnascairí chun slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus chun spleáchas na hÉireann ar mheaisíní táirgthe ardcharbóin a laghdú agus giniúint in-athnuaite a chur ina n-ionad i gcomhréir le Ráiteas Beartais Náisiúnta an rialtais maidir le hIdirnascadh Leictreachais 2023.
Tá an fheidhm Idirnaisc freagrach as na gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le bainistiú a dhéanamh ar an idirnascaire 500 MW Sruth Díreach Ardvoltais (HVDC) Thoir Thiar (EWIC) go dtí an Bhreatain Bheag ar bhonn 24 x 7 agus ar na gníomhaíochtaí ullmhachta a bhaineann leis an nasc 700 MW Idirnascaire Ceilteach MW HVDC atá beartaithe idir Éire agus an Fhrainc. Áirítear leis sin a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le hathrú ó bhonn a chur i gcrích sna margaí trasteorann, forbairt oibríochtúil agus bainistiú sócmhainní, chomh maith le deiseanna Idirnascaire amach anseo a shainaithint agus tacú leo ar mhaithe le tomhaltóirí.
Is deis iontach é seo do dhaoine aonair nuálacha athléimneacha agus spreagtha, atá dírithe ar réitigh, a bheith páirteach inár bhfoireann agus ról lárnach a bheith acu san aistriú chuig todhchaí fuinnimh ísealcharbóin.
Fút féin
Beidh na scileanna, na cáilíochtaí agus an taithí seo a leanas ag iarrthóirí rathúla:
- Céim innealtóireachta nó a chomhionann, go hidéalach le cáilíocht a bhaineann leis an gCibearshlándáil.
- An cumas tionscadail mheánacha/mhóra a chur ar fáil.
- Sárscileanna eagrúcháin agus dea-theist maidir le torthaí a sholáthar
- Taithí ar fhoireann ildisciplíneach agus sárchumas cáilíochtúil agus cainníochtúil anailíseach, mar aon leis an gcumas breithiúnais réasúnaithe a dhéanamh bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil i dtimpeallacht athraitheach dhinimiciúil.
- An cumas smaointe nuálacha a cheapadh agus a thabhairt isteach.
- An cumas beartas agus coincheapa a aistriú ina rialacha, ina gcóid agus ina gcaighdeáin agus a mhalairt.
- Sárscileanna idirphearsanta agus cumas cruthaithe chun oibriú go héifeachtach mar chuid d’fhoireann, atá in ann spriocanna comhroinnte a bhaint amach le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha trí idirphlé oscailte, agus ag an am céanna a bheith in ann a gcuid oibre féin a shainiú agus a threorú faoi mhaoirseacht íosta.
- Scileanna maithe cumarsáide ó bhéal agus scríofa agus an cumas coincheapa teicniúla a chur in iúl do lucht neamhtheicniúil.
- Paiseanta, ag plé le tiomáint agus díograis chun fís agus straitéis na cuideachta a sheachadadh.
Caidrimh Fostaíochta
Tuairisciú don Cheann Idirnaisc, le tacaíocht ó Cheann Foirne.
Spriocdháta le haghaidh iarratas
17/10/2025
Má cheapann tú go bhfuil na scileanna agus an taithí ábhartha agat don ról seo, iarrtar ort do CV agus litir chumhdaigh a uaslódáil. Ba bhreá linn scéala a fháil uait.
Fostóir Comhdheiseanna is ea EirGrid
We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
Be part of the transformation!
The Opportunity
We now seeking a Cyber Security Engineer to join our Interconnection team.
The Cyber Security Engineer will support the Interconnection function Team in ensuring that it fulfils its objective to integrate and optimise the use of HVDC interconnection assets to deliver the greatest benefit to the System Operation of the Irish transmission grid. The role holder will work with the Asset Management team on the ongoing cyber and physical security associated with HVDC interconnectors, including IT and OT. In this regard the role holder will work in areas including multi-disciplined Contractor, Change and Risk Management and Technical Reporting. Key priorities are to ensure that the operational integrity and asset management responsibilities of EirGrid, in respect of security of the interconnector(s), are properly executed and maintained to international standards.
The Team
The Operations & Asset Management Directorate comprises highly skilled professionals with backgrounds in engineering and business/commerce - together they manage the operation of the power system and market, ensuring that the lights stay on in a secure, reliable, sustainable and economic way. The Directorate is also responsible for the implementation of transmission system and market transformation in order to meet the future needs of all users of electricity. This includes the optimal use of interconnectors to enhance security of supply and to reduce Ireland’s reliance on high carbon producing machines and replacing them with renewable generation in line with the government’s National Policy Statement on Electricity Interconnection 2023.
The Interconnection function is responsible for the operational activities associated with managing the 500 MW High Voltage Direct Current (HVDC) East West interconnector (EWIC) to Wales on a 24 x 7 basis and the readiness activities associated with the proposed 700 MW Celtic Interconnector MW HVDC link between Ireland and France. This includes leading the delivery of transformational change in cross border markets, operational development and asset management, as well as identifying and supporting future Interconnector opportunities for the benefit of consumers.
This is an excellent opportunity for innovative, solution-focused, resilient, and motivated individuals to join our team and play a key role in the transition to a low carbon energy future.
About you
Successful candidates will have the following:
- Engineering degree or equivalent, ideally with a Cybersecurity related qualification.
- Ability to deliver medium/large projects.
- Excellent organisational skills and strong track record of delivery
- Experience in a multidisciplinary team and excellent qualitative and quantitative analytical abilities, coupled with the ability to make reasoned judgements based on available information in a changing and dynamic environment.
- Ability to conceive and introduce innovative ideas.
- Ability to translate policy and concepts into rules, codes and standards and vice versa.
- Excellent interpersonal skills and a proven ability to work effectively as part of a team, capable of delivering shared goals with internal and external stakeholders through open dialogue, while also being able to define and guide own work under minimal supervision.
- Good oral and written communication skills with the ability to communicate technical concepts to a non-technical audience.
- Passionate, engaging with a drive and enthusiasm to deliver on the company vision and strategy.
Job Relationships
Reporting to the Head of Interconnection, supported by a Team Lead.
Closing date for applications:
17/10/2025
If you believe you have the skills and experience relevant for this position, please upload your CV and a cover letter (in one document).
EirGrid is an Equal Opportunities Employer
Jobs at Facebook
Innealtóir Cibearshlándála / Cyber Security Engineer - Interconnection
Cyber Security Architect (E2025092 - E2025093)
Speisialtóir Cuntas Infhála - Oibritheoir Córais Aistrithe/TSO Accounts Receivable Specialist (E2025309)