Innealtóir TF Feidhme Córais Cumhachta / Power System IT Application Engineer (E2026008)
Is muide a fheidhmíonn eangach leictreachais na hÉireann. Feidhmíonn muid an córas cumhachta le leibhéil den scoth ginte in-athnuaite aisioncronaigh athraithigh, le cinntiú go mbíonn cumhacht ag gach duine nuair a theastaíonn sé uathu. Anuas air sin, tá muid i mbun chlaochlú an chórais cumhachta do na glúnta atá le teacht.
Agus níl ansin ach an tús. Tá cuspóir tábhachtach againn. Is é ár mbunchuspóir ná ligean dár sochaí a hastaíochtaí carbóin a laghdú agus a huaillmhianta a bhaint amach i dtaca leis an athrú aeráide agus an ghlan-nialasacht.
An Fhoirean
Is gnó muid a chuireann an bhéim ar chúrsaí TF, agus cuireann muid córais speisialaithe den chéad scoth, atá riachtanach dár ngnó, ar fáil 24/7. Tá ról lárnach ag Córas Bainistíochta Margaidh Ghrúpa EirGrid (CBM) maidir leis seo, a thacaíonn le príomhfheidhmeannas oibríochta córais cumhachta an Ghrúpa agus a thacaíonn leis an aistriú i dtreo fuinnimh in-athnuaite. Feidhmíonn an fhoireann Oibríochtaí TF ar fud an dá shuíomh oibríochtúla i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste agus tá sí freagrach as tacú le Príomh-Chóras Bainistíochta Fuinnimh Ghrúpa EirGrid, leis an gCóras Bainistíochta Margaidh (CBM) agus eile, agus forbairt a dhéanamh orthu sin. Tacaíonn foireann chóras tacaíochta fíor-ama breise leis an bhfeidhmeannas, idir uirlisí measúnachta slándála ar réamháisnéis gaoithe agus fheidhmchláir chasta sceidealú agus seolta.
Ó tharla go bhfuil tábhacht as cuimse ag baint lenár gcuid oibre, agus go bhfuil taithí iontach ag baint léi, tá deis iontach bríomhar againn d'Innealtóir Feidhme Córais Cumhachta Margaidh ar an bhfoireann Oibríochtaí TF laistigh den Phríomh-Oifig Chlaochlaithe, Teicneolaíochta agus Eischósta.
An Deis
Sa ról seo beidh tú mar chuid d'fhoireann Oibríochtaí SCADA, a thacaíonn le cothabháil, cruinneas agus seasmhacht EMS agus na príomh-bhunachair sonraí agus an líonra a bhaineann leis. Beidh tú ag cur tacaíochta ar fáil do shaineolaithe ar an ábhar seo, agus iad i mbun gníomhaíochtaígnó mar is gnách a bhaineann le samhaltú, bailíochtú agus tástáil an trealaimh tarchuir nua agus uasghrádaithe EMS.
Príomhfhreagrachtaí
- Tacú le clár rollach ar athrú a chuirfidh feabhas ar an gCóras Bainistíochta Margaidh a leathnú amach ar bhealach gnó mar is gnách (BAU).
- Tacú leis an bhfoireann PSA i dtaca le bainistíocht eisiúna agus tástáil paisteála leochaileachta
- Tacú le riachtanais chomhtháite níos leithne an Mhargaidh Leictreachais Aonair le haghaidh EMS, lena n-áirítear fothairí a sholáthar go saoráideach agus samhlacha líonra a sholáthar.
- Tacú le huirlisí tacaíochta cinntí don Ionad Náisiúnta Rialaithe.
- Tacú le bainistíocht éifeachtach na bpáirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha (teicniúla agus neamh-theicniúla) lena n-áirítear príomhdhíoltóirí seachtracha agus soláthraithe seirbhíse inmheánacha.
- Dul i mbun plé ar bhonn ilréimsiúil chun tacú le feabhsú leanúnach ar chomhroinnt faisnéise, ar cháilíocht liosta chomhartha agus ar chaighdeáin innealtóireachta.
- Páirt a ghlacadh i ndruileanna Athshlánaithe ó Thubaiste agus cur le próiseas bainistíochta leanúnachais gnó Ghrúpa EirGrid.
- Páirt a ghlacadh san fhoireann ar glao-dhualgas nuair a bheidh an t-eolas cuí ar chórais TF EirGrid foghlamtha agat.
Fút Féin
- Céim ábhartha TF nó innealtóireachta agus taithí ábhartha dhíreach 5 bliana ar a laghad .
- Taithí ar obair i dtimpeallacht slán TF agus ar phríomh-bhonneagar.
- Cumas láidir anailíseach agus réitigh fadhbanna.
- Ábalta comhoibriú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.
- In ann cumarsáid a dhéanamh go héifeachtach le lucht éisteachta gnó agus teicniúla, idir labhartha agus scríofa.
- Taithí ar uirlisí MS Office (lena n-áirítear scileanna Excel, MS Project agus Visio nó a macasamhail).
We are the people behind Ireland’s electricity grid. We operate the power system with world leading levels of variable asynchronous renewable generation, ensuring that everyone has power when they need it. But that’s not all, we are now transforming the power system for future generations.
And that’s just the beginning of our story. We have a critical purpose. That purpose is to transform the power system to enable our society to reduce our carbon emissions and meet our climate change and net zero ambitions.
The Team
We’re an IT intensive business, and we operate a state-of-the-art, specialised business-critical systems, 24/7. Central to this is EirGrid Group’s Energy Management System (EMS) which supports the Group’s core power system operational function and is supporting the transition to renewable energy. The IT Operations team operates across all four operational sites in Dublin and Belfast and is responsible for the development and support of EirGrid Group’s core Energy Management System (EMS) and other related applications. The function is supplemented by a suite of additional real-time supporting systems from wind forecast security assessment tools to complex scheduling applications and real-time unit dispatch.
The critical nature of the work we do, and the experience it offers, provides an exciting opportunity for a Power System Application Engineer in the IT Operations team within the Chief Transformation, Technology & Offshore Office.
The Opportunity
In this position you will be part of a SCADA Operations team which supports the maintenance, accuracy and resiliency of the EMS and its underlying databases and network models. You will provide support to subject matter experts, in delivering business-as-usual activity in the modelling, validation and testing of new and upgraded transmission equipment in the EMS.
Key Responsibilities
- Support the BAU delivery of a rolling programme of change enhancing the Energy Management System.
- Support the PSA team with release management and testing of vulnerability patching
- Support the broader Integrated Single Electricity Market requirements for EMS including seamless provision of feeds and the provision of network models.
- Support decision support tools for National Control Centre.
- Support effective stakeholder management of both internal and external stakeholders (technical and non-technical) including key external vendors and internal service providers.
- Liaise on a cross-functional basis to support continuous improvement in information sharing, signal list quality and engineering standards.
- Participate in Disaster Recovery drills and contribute to EirGrid Group’s Business Continuity Management process.
- Participating in on call team when requisite knowledge acquired of EirGrid’s IT Systems.
About You
- Relevant IT or engineering degree with a minimum of 5+ year direct relevant experience.
- Experience of working in a secure IT environment and working on critical infrastructure.
- Strong analytical and problem-solving capability.
- Ability to work collaboratively with internal and external stakeholders.
- Effective communicator, both in verbal and written communications to business and technical audiences.
- Experience working with MS Office tools (including Excel skills, MS Project and Visio or equivalent).
Dáta deiridh d’iarratais/ Closing date for applications
31/10/2025
We're dedicated to diversity and inclusion at Eirgrid. We recognise the strength that comes from having a diverse workforce and the importance of a supportive culture for all our people to achieve their potential. Our diversity and inclusion networks have been designed to create an inclusive culture that enables our people to feel a sense of belonging at work.
As an equal opportunities’ employer, we welcome applications from people of all backgrounds. Reasonable accommodations are offered at every stage of our recruitment process
Jobs at Facebook
Senior Regulatory Advisor (E2026024)
Senior Business Analyst (E2026017)
Innealtóir TF Feidhme Córais Cumhachta / Power System IT Application Engineer (E2026008)